Is iad seo ár scéalta

Ar fud na hEorpa, tá baill dár bpobal lecheile.eu ag déanamh a gcion agus ag gníomhú trí bheith rannpháirteach agus trí ócáidí agus gníomhaíochtaí a eagrú. Tá a gcuid ráite ag cuid acu faoi thodhchaí na hEorpa, agus tá scileanna nua foghlamtha ag cuid eile. Tá tionchar imeartha acu de bharr a dtaithí, agus chuaigh a gcuid taithí i bhfeidhm orthu. Faigh amach faoina scéalta.

Gné-alt

Scéal shár-fhorásaí lechéile.eu: AN GHEARMÁIN – Paula

Is fúinne atá sé ár nguthanna a chur in iúl ag an mbosca ballóide!

Léigh an scéal iomlán About Scéal shár-fhorásaí lechéile.eu: AN GHEARMÁIN – Paula

9 léirmheas as 32 léirmheas á léiriú

Bí i do shaorálaí Eorpach! Glac páirt ann! Is leatsa an todhchaí!

Is í an Eoraip mo bhaile. Is í Parlaimint na hEorpa an dara baile atá agam ó thosaigh mé ag obair mar shaorálaí le hOifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sa Rómáin dhá bhliain ó shin. 

An chéad Eoraip eile

Imre János is ainm dom agus rugadh mé in 2005 i Jászberény, baile beag san Ungáir, bliain tar éis don Ungáir a bheith ina ball den Aontas Eorpach. Chuaigh mé isteach i bpobal lechéile.eu agus mé i m’ambasadóir sóisearach. I mo chás féin, is deis é an pobal seo d’abhcóideacht idirnáisiúnta. Is pobal é ina bhfuilim in ann mo chuid tuairimí a chur in iúl, ina bhfuil tábhacht ag baint le mo chuid smaointe agus lena spreagtar gníomhaíochtaí agus torthaí.

Inion léinn san eolaíocht pholaitiúil

Sabīne, iníon léinn san eolaíocht pholaitiúil. Cuireadh tús leis an aistear a bhí agam leis an bpobal lechéile.eu sular cruthaíodh é fiú, nuair ba é anuairseobeidhmeagvotail.eu a tugadh air. Ghlac mé páirt ann mar scoláire i meánscoil Ríge Uimh. 25, ceann de Scoileanna Ambasadóra Pharlaimint na hEorpa.

Ní mór dúinn gníomhú ar son thodhchaí na hEorpa

Ruben is ainm dom, tá mé 26 bliana d’aois agus tar éis dom bunchéim a bhaint amachsa Léann Eorpach, thuig mé go bhféadfainn cur leis an méid a bhí foghlamtha agam.

Glac páirt in imeacht, cuir aithne ar dhaoine nua agus tabhair cuairt ar Pharliamint na hEorpa i Strasbourg

‘Bhí mé ag iarraidh bheith i mo shaorálaí le lechéile.eu toisc go raibh mé ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoin na hinstitiúidí Eorpacha agus a bheith ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú i bParlaimint na hEorpa. Bhraith mé nach raibh go leor ar eolas agam maidir le feidhmiú Pharlaimint na hEorpa agus nach raibh a fhios agam cén feidhmeanna go díreach a bhí ag na Feisirí. 

Tiomantas Natasha an scéal a scaipeadh faoi na hinstitiúidí Eorpacha agus a gcuid oibre

Tá mé rannpháirteach sa ghréasán lechéile.eu ó ghlac mé páirt san fheachtas #Anuairseobeidhmeagvotail. 

Fiú mar dhuine ó lasmuigh, braithim an-chomhtháite trí pháirt a ghlacadh sa phobal seo.

Nuair a thosaigh mé mar shaorálaí le lechéile.eu, bhí deis agam páirt a ghlacadh in imeachtaí ina raibh mé in ann cúrsaí Eorpacha a chur in iúl do dhaoine óga.

Creideann Liam gur féidir cuspóirí a bhaint amach ar bhonn an phobail.

Ciallaíonn an Eoraip domsa gur féidir cuspóirí a bhaint amach sa phobal a dhealraíonn nach féidir a bhaint amach ar bhonn aonair.

An Eoraip i scoileanna – a bhuí le Carola agus cairde eile de chuid an phobail lechéile.eu

“Ghlac mé ballraíocht in lechéile.eu tar éis an ratha a bhí ar an bhfeachtas Anuairseobeidhmeagvotail.