Scéal shár-fhorásaí lechéile.eu:
AN GHEARMÁIN – Paula

Is fúinne atá sé ár nguthanna a chur in iúl ag an mbosca ballóide!

Mar sin, an fíor gur cuma le daoine óga faoi thodhchaí na hEorpa? Ní dóigh liom é! Mar sin féin, ní mór dúinn na daoine mórthimpeall orainn a chur ar an eolas faoina thábhachtaí atá sé dul amach agus vótáil, agus úsáid a bhaint as an ngné #ÚsáidDoVóta ar lechéile.eu.

Tar éis an acadaimh samhraidh, a d’eagraigh ionadaíochtaí Pharlaimint na hEorpa i mBeirlín agus i Vín, d’éirigh mé níos gníomhaí i bpobal lechéile.eu.

Mar mhac léinn sa staidéar Eorpach, creidim go bhfuil sé tábhachtach an t-eolas ceart a fháil sula gcaitheann tú do vóta. Chun daoine óga a mhealladh, eagraímid plé ar líne le Feisirí Eorpacha agus le saineolaithe. Is ábhar iontais do na rannpháirtithe an tionchar a bhíonn ag an Aontas ar phlé polaitiúil atá ag teacht chun cinn.

Thairis sin, dháil mé na céadta bratach do Lá na hEorpa 2023 ar chomhaltaí lechéile.eu sa Ghearmáin agus san Ostair, rud a d’fhág go raibh mé infheicthe ar na meáin shóisialta agus le linn an Chruinnithe Eorpaigh um an Óige in Strasbourg.

Táim ar bís faoi na himeachtaí ar fad atá ar na bacáin roimh na toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024.

Agus muid ag súil go fonnmhar leis na himeachtaí atá ar na bacáin sa tréimhse roimh na toghcháin, cuirimis ár nguthanna le chéile, cuirimis i gcuimhne do gach duine a thábhachtaí atá sé vótáil agus glacaimis páirt i dtionscnamh #ÚsáidDoVóta ar lechéile.eu.