Ba shaorálaí gníomhach mé ón bhfeachtas #anuairseobeidhmeagvotail / #lecheileeu i dtoghcháin Eorpacha roimhe seo. Mar chriú, d’eagraíomar gníomhaíochtaí áitiúla chun feasacht a mhúscailt ar thábhacht na dtoghchán Eorpacha. Bronnadh an gradam don saorálaí is gníomhaí orm agus bhunaigh mé Pobal Óige P4 agus é mar aidhm leis daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa saol daonlathach.
Le linn an fheachtais #lecheile.eu, d’eagraigh P4 ceardlanna, cainteanna agus eachtraí chun luachanna na hEorpa, institiúidí na hEorpa agus próisis Eorpacha a chur chun tosaigh. An rath is mó a bhí againn ná Cruinniú Eorpach um an Óige a eagrú sa Chróit féin, in Varaždin!
I láthair na huaire, leanann foireann P4 ag tacú le daoine óga agus á spreagadh gach bliain i rith KVART, féile cheoil atá á heagrú acu le cúig bliana anuas, áit a gcuireann siad ábhar #lecheileeu ar líne agus a gcruthaíonn spás chun dul i dteagmháil le go leor gníomhaithe agus saorálaithe nua. #ÚsáidDoVóta.