Mórshaorálaí de chuid lecheile.eu:
AN RÓMÁIN – Gabriel

An rud a thug spreagadh dom a bheith i mo bhall den phobal ná an rannpháirtíocht a bhí agam i dtionscadail éagsúla de chuid Erasmus.

Theastaigh uaim deiseanna a chruthú seachas fanacht orthu teacht chugam. Go sonrach, bhí ról mór ag Generation EU chun mé a nascadh le pobail éagsúla. Thug sé seo spreagadh dom ár dtionchar a leathnú, agus díriú ar thionscadail náisiúnta agus Eorpacha le cur chuige láidir pobaldhírithe.

A bhuí lenár n-iarrachtaí, dhá bhliain ó shin, d’osclaíomar dhá ionad óige sa Rómáin agus anois tá níos mó ná 200 000 duine óg a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí amhail dianchampaí agus in imeachtaí arna n-eagrú ag an bparlaimint. Tá an méid seo á dhéanamh againn le chéile, mar a deirim i gcónaí: Is fúinne atá sé seachas fúmsa.

An chéad chéim eile ná ár ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, agus feachtas a sheoladh chun líon na vótálaithe sa Rómáin a mhéadú. Tá saoránaigh fheasacha agus chumhachtaithe ríthábhachtach chun an Eoraip a dhéanamh níos láidre. Déanfaimid teagmháil le scoileanna, le réigiúin áitiúla agus le pobail chun gníomhaíochtaí tarraingteacha a eagrú amhail caiféanna Eorpacha, leabharlanna beo agus díospóireachtaí le daoine tábhachtacha. Tá sé mar aidhm againn daoine óga a spreagadh sa Rómáin trí éifeacht dhearfach na hEorpa a léiriú dóibh.

Dá bhrí sin, an teachtaireacht atá agam do na vótálaithe céaduaire uile ná bíodh muinín agaibh asaibh féin! Insím do mo chomhshaorálaithe i gcónaí go bhfuil an chumhacht acu a bheith ina sárlaochra. Trí ghníomhú, is féidir leo rudaí dodhéanta a chur i gcrích.

Is breá liom mo phobal, an Rómáin, ach thar aon rud eile is breá liom na rudaí go léir atá cruthaithe ag an Eoraip. Tá sé bainteach linne.