Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:
MADRID – Elena

Ba mhac léinn leighis mé nuair a thosaigh mé ag tabhairt aird ar choincheap an ‘Aontais Eorpaigh’ den chéad uair. Chonaic mé plaic bheag (beagnach doléite) in ospidéal a léigh, ‘comhchistithe ag an Aontas Eorpach’. Ba chúis uafáis dom a laghad eolais a bhí agam ar an Aontas Eorpach. Tháinig imní de bheagán orm, mura raibh a fhios agam, mac léinn ollscoile a bhfuil na gráid is airde aici, faoi na hinstitiúidí agus faoin gcaoi a raibh tionchar ag na cinntí a rinneadh sa Pharlaimint ar mo shaol laethúil, gur dócha go mbeadh níos lú eolais ag saoránach nach bhfuil chomh pribhléideach céanna (gan rochtain ar ollscoil) fiú. Ar an drochuair, ní raibh mé mícheart.


Mar gheall ar an spéis mhéadaitheach a bhí agam sa chumarsáid pholaitiúil agus i ngnóthaí AE, bhí mé i mo shaorálaí don Pharlaimint san fheachtas #thistimeiamvoting agus #together.eu.

Chun feasacht a mhúscailt faoi thoghcháin Eorpacha 2019, rinne mé cur i láthair poiblí ar an bhfeachtas do na meáin agus do na hollscoileanna, bhunaigh mé feachtais feasachta ar shráideanna na nOileán Canárach, agus rinne mé tionscadail oibrithe deonacha eile a chomhordú agus thacaigh leo.

Thosaigh mé mar oibrí deonach i mí na Samhna 2018 agus táim gníomhach ar son rannpháirtíocht na hóige sa pholaitíocht ó shin i leith.

Deis iontach a bhí san fheachtas seo le bheith réamhghníomhach, agus mar sin chuidigh mé le Equipo Europa a chur ar bhun agus, le piar liom, bhunaigh mé an cumann neamhbhrabúsach don óige Juventud Europea de Canarias.

Ba mhór an onóir dom gur bhronn an tIar-Uachtarán, David Sassoli, pátrúnacht Pharlaimint na hEorpa ar an bhfeachtas #70schuman, feachtas ar rannchuidigh mé leis trí roinnt imeachtaí a chomhordú agus a óstáil.

Tar éis straitéis chumarsáide thoghcháin Eorpacha 2024 do Pharlaimint na hEorpa, tá mé fós ag iarraidh an oiread saoránach agus is féidir a chur ar an eolas faoin bpróiseas daonlathach sin agus iad a bheith páirteach ann. Déanaim fíor-iarracht ar an tábhacht a bhaineann le vótáil a chur i dtuiscint do na daoine atá timpeall orm agus tacaím go daingean le #UseYourVote sna toghcháin atá ar na bacáin, ní hamháin chun tionchar a imirt ar thodhchaí an Aontais, ach chun an daonlathas féin a threisiú agus a chosaint freisin.