Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:
AN OSTAIR – Dave

Mhúnlaigh an tAontas Eorpach mé. Rugadh san Ísiltír mé, d’fhás mé aníos san Ostair agus ghlac mé páirt sa chlár malartaithe Erasmus+ sa Liotuáin. Uime sin, is maith is eol dom a dhearfaí atá an comhoibriú i measc náisiúin éagsúla.

Mar gheall ar an mórmhuinín atá agam as an tionscadal Eorpach, is amhlaidh, in 2020, a chuir mé romham beart a dhéanamh de réir mo bhriathair trí bheith i mo ghníomhaí ar son luachanna na hEorpa. Trí lecheile.eu agus EUth, tá sraith imeachtaí á heagrú go gníomhach agam, imeachtaí a bhfuil sé d’aidhm acu teagmháil a dhéanamh le hEorpaigh óga agus iad a chumasú. Tá na himeachtaí sin ina slí leis an mbearna idir an óige agus an pholaitíocht a dhúnadh, le feasacht ar na buntáistí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a chothú agus le dul i ngleic le teacht chun cinn an phobalachais.
Tá sprioc shoiléir agam: tá sé de chuspóir agam a chur ar chumas daoine óga na buntáistí ollmhóra a bhaineann le ballraíocht san Aontas a aithint, a chur ar a gcumas mífhaisnéis a shainaithint agus iad a spreagadh lena gceart daonlathach a fheidhmiú i dtoghcháin Eorpacha sin 2024 atá ar na bacáin. Gairm chun gnímh is ea é: cuirimis le chéile agus fágaimis lorg ar an am atá le teacht trí chuimhneamh ar #ÚsáidDoVóta.