Táim i mo bhall den líonra todosjuntos.eu ó thús an fheachtais #anuairseobeidhméagvótáil. Is comhalta de lechéile.eu mé freisin sa Bhruiséil, áit ar oibrigh mé le linn Thoghcháin Eorpacha 2019.
In 2019, bhunaigh mé Junior Female Leaders, líonra cumhachtach de mhná ardcháilithe a úsáideann ábhar digiteach chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna an-tábhachtach sa chaidreamh idirnáisiúnta agus feabhas a chur ar rochtain ar eolas anois agus do na glúine atá le teacht. Díríonn ár gcuid oibre ar fheasacht a ardú agus deiseanna comhionanna a éileamh go práinneach do mhná ar an ardán domhanda. Is dóigh liom go dtacaíonn Parlaimint na hEorpa liom, agus creidim go bhfuilimid go léir freagrach as an daonlathas a chosaint agus a chothabháil.
Is tionscadal leanúnach í an Eoraip nach mór dúinn uile a bheith rannpháirteach ann le chéile. Mar chomhairleoir cumarsáide agus mar thionscnóir comhghuaillíochtaí straitéiseacha, táim tiomanta do lánpháirtiú na hEorpa a chur chun cinn.