Táim ag obair i gcomhar le Parlaimint na hEorpa le beagnach dhá bhliain anuas mar shaorálaí trí phobal lecheile.eu. Ag IEL (Institiúid na hEorpa Láir), oibrím mar bhainisteoir tionscadail agus dírím go príomha ar réimse na cosanta agus na slándála agus na himirce.
Eagraím díospóireachtaí painéil le hOifig Pharlaimint na hEorpa sa tSlóvaic chun saoránaigh a chumhachtú agus bréagaisnéis faoin Aontas a chomhrac. Cuirimid oideachas ar dhaoine óga maidir le smaointeoireacht chriticiúil, réiteach fadhbanna, argóint acadúil agus litearthacht sna meáin. I measc na n-ábhar, tá beartas glas AE, an chosaint agus seasamh na Slóvaice in AE.
Bí mar chuid dár bpléití spreagúla ar ‘an Aontas Eorpach mar thionscadal síochána’ agus a fhreagairt ar dhúshláin chomhaimseartha, ina mbíonn saineolaithe ón lucht acadúil, ón earnáil seirbhísí agus ó Pharlaimint na hEorpa. Tugaimis athrú dearfach i gcrích le chéile, agus #ÚsáidDoVóta!